An Togra seo

Tá an t-eolas ar an suíomh seo fréamhaithe i ndúchas na háite. Níl muid ach ag iarraidh greim an dá mhéar a choinneáil ar mhuinchille an tseansaoil. Nuair a bhreathnaíonn muid thart timpeall ar an mbaile, tá sé le feiceáil againn an méid saibhreas oidhreachta agus cultúrtha a d’fhág ár sinsir againn leis na glúnta. Níl muid chun dearmad a dhéanamh orthu.

Tá cóip den ábhar uilig a bhailíonn muid á bronnadh againn ar chartlann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.

Divider

An Coiste.

Is Coiste deonach iad Coiste Scoil Loch Con Aortha a bhfuil mar fhís againn an tseanscoil ar an mbaile a dheisiú mar ionad pobail. Tá an scoil i ndroch-chaoi faoi láthair agus teastaíonn díon nua uaithi chomh maith le hoibreacha mór feabhsúcháin eile taobh istigh. Más féidir leat cúnamh airgid a thabhairt chun cuidiú leis an togra, dhéanfadh sé difríocht mhór dúinn agus bheadh muintir an bhaile go mór faoi chomaoin agat.

Geallann muid go gcaithfear lenár lucht tacaíochta, síntiúsóirí agus pátrúin le hómós, go macánta agus go hoscailte.

Más féidir leat cúnamh airgid a chur ar fáil dúinn, is féidir leat é a dhéanamh i dtrí bhealach:

Do thabhartas a lóisteáil inár gcuntas bainc ag:

Ainm an chuntas: Coiste Scoil Loch Con Aortha
Cód sórtála: 937401
IBAN: IE31AIBK93740107463027

Le Paypal

Is féidir tabhartas aon uaire a thabhairt go héasca agus go tapaidh le Paypal. Mar thoradh air sin, bíonn do shonraí pearsanta sábháilte.

Is féidir le baill Paypal íocaíocht a dhéanamh go díreach óna gcuntais bhainc nó le cártaí creidmheasa. Is féidir leo siúd nach baill de Paypal iad íocaíocht a dhéanamh anseo freisin le cárta creidmheasa.

Le Seic

Is féidir seic a chur chuig:

An Cisteoir, Coiste Scoil Loch Con Aortha, Loch Con Aortha, Cill Chiaráin, Conamara, Co na Gaillimhe

Baill an Choiste: Máirín Uí Loideáin, Barbara Uí Neachtain, Treasa Seoighe, Seosamh (Josie) Ó Súilleabháin, Seán Ó Cualáin.

Get in touch
history of area
view map
Top