An 20ú hAois

Tógadh Daonáireamh 1901 ar an Domhnach, an 31ú Márta 1901, agus déanadh taifead ar gach fear, bean agus gasúr a mhair ar oileán na hÉireann. Tugann an daonáireamh seo eolas breise dúinn ar mhuintir an bhaile agus ar an gcineál saoil a bhí acu. Insíonn sé dúinn go raibh 153 duine ar an mbaile, agus eolas freisin ar na cineálacha tithe a bhí acu.

Faoin uair a tógadh Daonáireamh 1911 bhí daonra an bhaile ardaithe go 156 duine. Is féidir Daonáirimh 1901 & 1911 don bhaile a fheiceáil ag na nascanna seo:

http://www.census.nationalarchives.ie/

http://www.census.nationalarchives.ie/

Daonra an bhaile ó 1901

An Scoil

Tógadh an chéad scoil náisiúnta ar an mbaile ag deireadh an 19ú haois. Scoil seomra amháin a bhí inti, le dhá mhúinteoir. Rinne an scoil freastal ar ghasúir Dhoire Iorrais, Loch Con Aortha agus Choill Sáile.

Tá an scoil agus gasúir na scoile luaite le Bailiúchán na Scol, bailiúchán béaloidis a chnuasaigh gasúir scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Seo scéalta a bhailigh gasúir na scoile ó sheandaoine ó Dhoire Iorrais, Loch Con Aortha agus Coill Sáile.

http://www.duchas.ie/ga/cbes/46026a96

Gasúir Scoil Loch Con Aortha sna 1920idí
Gasúir Scoil Loch Con Aortha sna 1930idí
Gasúir Scoil Loch Con Aortha sna 1950idí
An tSeanscoil 2017
Cliceáil ar an leathannach seo chun níos mo leathanaigh rolla a fheiceáil

An Scoil nua.

Tógadh an scoil nua sa mbliain 1955, agus ba scoil trí sheomra a bhí inti, le trí mhúinteoir. Dhún an scoil in 1970. Téann gasúir an bhaile anois ag Scoil Náisiúnta Chill Chiaráin, Scoil Náisiúnta an Ghoirt Mhóir agus go Coláiste an Phiarsaigh i Ros Muc.

I ndeireadh na 1960idí bhí Coláiste Gaeilge sa scoil gach Samhradh, agus bhí an Coláiste seo ar cheann de na chéad chinn dhá leithéide sa gceantar. Mhair sé seo go lár na 1980idí. Bhí Aifreann á léamh sa scoil chuile Dhomhnach ó na 1970idí suas go mí na Bealtaine 2004.

An Scoil nua

Slí mhaireachtála na ndaoine

An Tornóg Aoil

Is é Pateen Johnny Ó Súilleabháin, le cúnamh ó Cóilín Ó Neasa (Annaí), saor cloiche as Coill Sáile, a thóg an tornóg seo i dtús na 1930idí. Is é an cineál is coitianta de na háitheanna é, ciorclach agus ar mhúnla na huibhe ar an taobh istigh agus cearnógach ar an taobh amuigh, agus déanta go hiomlán le clocha na háite. Ar an aghaidhchló tá oscailt, nó súil bheag, agus bhí sé seo le haghaidh anáil a thabhairt don tine agus freisin le haghaidh an tornóg a ghlanadh amach tar éis an dóigh.

Le haghaidh an tornóg a fháil réidh chun an chloch aoil a dhóigh, chuiridís gráta sa tornóg os cionn na súl agus ar an ngráta chuiridís rásaí móna, cloch aoil, móin agus mar sin de go barr na tornóige. Lasaidís an rása íochtair móna, agus le ám lasadh gach rása móna tríd an gcloch aoil go barr. Idir an dóigh agus seans fuaraithe a thabhairt don chloch aoil, thógadh sé 3 nó 4 de laethanta.

Nuair a bhíodh gach rud fuaraithe, thógaidís an chloch aoil as an tornóg, agus bhíodh sé le húsáid ar an talamh agus freisin mar mhoirtéal ar thithe.

Is as Árainn a thagadh an chloch aoil agus thabharfaidís amach í i mbáid go dtí an chéibh ag Droichead Flannery. Ansin thabharfaidís soir í go dtí an tornóg i gcarrannaí capaill.

An Tornóg Aoil
GPS: 53.360386, -9.70176

Cosán an Railway

Is é seo an cosán a bhíodh na fir agus na buachaillí óga as an gceantar seo ag siúl le dul ag obair ar an iarnród nua a bhí á dhéanamh idir Gaillimh agus an Clochán.

Thosaigh an obair ar an iarnród sa mbliain 1891. Ar a mhéid, bhí suas le 1,500 duine ag obair air. Bhí obair le fáil ann ag duine ar bith a bhí á hiarraidh, ach ní raibh na coinníollacha go maith ar dtús. Mar gheall air sin chuaigh 100 fear ar stailc ag iarraidh ardú páigh 6p sa ló, agus an lá oibre a ghiorrú ó 6:00rn – 6:00in, go 7:00rn – 5:00in. Fuair siad sin go hiomlán agus bhí rudaí níos fearr dóibh ansin. D’fhág sé sin ar 12 scilling sa tseachtain iad.

Bhíodh lá fada ar mhuintir an cheantair seo, bhíodh orthu fiche míle a shiúl trasna cnoc agus portach, lá oibre a dhéanamh agus siúl abhaile arís tráthnóna agus ansin obair féir, móin agus fataí le déanamh acu sa mbaile tar éis lá crua oibre. Beagán saothrú a bhí ann dóibh i saol crua agus ní raibh aon leisce orthu.

Sa mbliain 1895 d’oscail an líne traenach agus ar an 1ú Iúil, d’fhág an chéad traein Gaillimh le dul chun an Chlocháin. Bhí fó-stáisiúin go leor ar an mbealach agus thógadh an turas dhá uair an chloig. D’oscail an líne traenach suas Conamara le haghaidh turasóirí agus bhí go leor uaisle ag baint úsáid as le teacht ag iascaireacht agus ag fiach.

Bhí an líne oscailte ar feadh 40 bliain agus ansin i mí Aibreáin 1935, mar gheall ar an méid costas a bhain le deisiúcháin a dhéanamh ar an líne, dúnadh í. An úsáid is mó a bhain muintir an bhaile as an traein ná nuair a bhídís ag dul ar imirce. Shiúlaidís ón mbaile agus a gcuid gaolta agus cairde leo, go dtí an Teach Dóite le haghaidh an traein a fháil agus iad ar an mbealach go Meiriceá agus tíortha eile ar fud an domhain.

Siúlóid uaigneach a bhíodh ann agus go leor acu nár tháinig abhaile riamh.


GPS: 53.371417, -9.714663

GPS: 53.370622, -9.714597
Cosán an Railway

Scéalta eile

Tigh Dharach Phatchach (Griallais)

Is seo scéal fírinneach a fuair muid ó Eddie Bheairtle Ó Conghaile as an Aird Thiar.

Ba bádóir a bhí i nDarach agus a chuid deartháireacha, ar nós a n-athair rompu. Bhídís ag trádáil leis an mbád mór, ag tabhairt móin go hÁrainn, go Gaillimh agus go Co. an Chláir, gan caint ar an méid iascaireachta a rinne siad. Ar nós gach duine eile ar an mbaile a raibh bád acu, ní raibh easpa oibre orthu. Bhí go leor móna á baint ar an mbaile ag an am, agus bhí na báid mhóra ag teastáil le haghaidh an mhóin a thabhairt go dtí na ceantair thuasluaite.

Lá amháin bhí siad i nGaillimh le lucht móna agus bhí deartháir Dharach, Tomás, sa mbád. Ní raibh sláinte Thomáis go maith an lá sin, agus is dócha go raibh imní ar an gcriú dó. D’fhág siad Gaillimh ag déanamh ar an mbaile, ach fuair Tomás bás sa mbád ar an mbealach. Bhí imní ar an gcriú gurbh é an fiabhras an chúis báis, agus bhí a fhios acu nach mbeadh cead acu é a chur sa reilig áitiúil mar gheall ar an bhfiabhras. Taobh thiar de Charraig a'Meacain casadh Tomás Sheáin Shiobháine (Tomás Mac an Ríogh) as an Aird Thoir dóibh ina phúcán, agus d’inis siad a gcás dó. Tar éis píosa cainte leis, bhí a n-intinn déanta suas acu. D’athraigh siad cúrsa agus thug siad an corp go dtí Oileán Mhic Dara, agus tar éis cúpla paidir chuireadar ann é.

Tá sé ráite gurbh é Tomás an duine deireanach a cuireadh ar an oileán.

Tigh Dharach Phatchach (Griallais)
GPS: 53.368953,-9.683736

Seán Ó Briain, Scéalaí

1852 – 1934 (Seán Éadúirt)

Ba as Cill Bhríde, in aice le Loch Measca, do mhuintir a athar, agus ba de mhuintir Mhic Chonaola a mháthair. Bhí cónaí air i Loch Con Aortha ó bhí sé dhá bhliain d’aois. Chaith sé tamall ina mhaor ar an nGabhlán, ach ba í an bhádóireacht a chleacht sé. Ar an bhfarraige a chuala sé na scéalta, óna uncail Antoine Mac Conaola. Rinne sé feirmeoireacht freisin le cur leis an saothrú farraige.

Bhí sé pósta le Nainín Reilly, agus bhí deichniúr clainne orthu. Tá a shliocht, agus sliocht a shleachta, ar fud na hÉireann agus Mheiriceá. Bhí a bhád féin aige, agus bhíodh sí feistithe ag binn an tí.

Bhí thart ar 50 scéal fada aige. Chaith an bailitheoir as Meiriceá, Jeremiah Curtin, thart ar cheithre mhí i gCill Chiaráin idir 1892 agus 1893, agus chuala sé trácht ar Sheán Ó Briain. Bhí Curtin agus a bhean ag fanacht tigh Mrs. Cooke, (tigh Chlancy). Théadh Séan go Cill Chiaráin chun a chuid scéalta a insint do Churtin. Ní raibh aon Bhéarla ag an scéalaí, agus ba é Séamus Ó Laidhe, cléireach an tséipéil, a bhí ag aistriú do Churtin. Ba é Curtin an chéad bhailitheoir a chuaigh chomh fada le foinse na litríochta béil i.e. an cainteoir dúchais. Níor tháinig aon bhailitheoir eile go dtí gur tháinig Seán Mac Giollarnáth, dhá scór bliain ina dhiaidh sin. Tá trí scéal le Seán Ó Briain sa leabhar Loinnir Mac Leabhair (1936).

Chuir Mac Giollarnáth Seán in aithne don Ollamh Ó Duilearga sa mbliain 1932, agus chaith Ó Duilearga roinnt seachtainí le Seán. Bhí cuimhne an scéalaí chomh maith is a bhí riamh, ag ceithre scór bliain d’aois. Dúirt Ó Duilearga go mba é Seán Éadúirt an scéalaí ab fhearr dár chuala sé riamh. Bhásaigh Seán ar an 1ú Eanáir 1934.

Bhí an píosa seo ag Mac Giollarnáth san Irish Press faoi ar an 8ú Eanáir.

Sean teach Seán Éadúirt Ó Briain
GPS: 53.360272, -9.696863


      ______________________________________________________________
Tá an scéal thuas scríofa sa gcló Ghaelach, is é seo an cló a bhíodh dhá úsáid i scríbhinn na Gaeilge suas go dtí na 1960í. Taréis 20 bliain ag athrú de réir a chéile, tháinig an cló Rómhánach isteach agus is é atá dhá úsáid againn ó shoin, más maith no olc an t-athrú.
 

 An Ábhach
 GPS: 53.361553, -9.730024

An radharc ón Ábhach

Áit feistithe bád Phádraic Mháirtín Anna Ó Conaola 

Bhíodh Pádraic agus a mhac Patsy ag baint go leor úsáid as an mbád ar nós gach duine eile a raibh bád aige. Bhaineadh siad a gcuid móna ar na portaigh ar an taobh eile den loch agus is sa mbád a thugaidís an mhóin abhaile trasna an locha.

Bhíodh siad freisin ag baint feamainne san earrach le haghaidh leasú agus chaithidís an bád a thabhairt síos ón loch chun na farraige. Tá abhainn bheag ag rith ón loch chun na farraige agus ar an rabharta téann an taoile isteach sa loch ar lánmhara. B’in é a sheans an bád a thabhairt síos agus snámh ar éigean aici.

An taoile ag dul isteach sa loch ar lán mhara

Gach lucht feamainne a bhíodh bainte acu, chaithidís an fheamainn a chur as an mbád ag béal na habhann agus an bád a thabhairt suas folamh ar an loch arís ar an rabharta. Bhíodh orthu an fheamainn a athrú suas le cléibh go dtí an loch, an áit a mbíodh an bád ag fanacht leo agus í a iomramh ansin go dtí an teach.

Mar gheall ar an taoile a bheith ag dul isteach sa loch ar an rabharta is mearsháile atá sa loch.


Áit feistithe bád Pháraic Mháirtín Anna Ó Conaola
GPS 53.369088,-9.695099

Páraic agus a bhean Nan Chon (Ó Niadh) taobh amuigh den teach

Tigh Phatsy Pháraic Mháirtín Anna Ó Conaola
GPS: 53.36879,-9.694818
 

Suíochán an Phiarsaigh”

Thagadh Pádraic Mac Piarais anoir le peann agus páipéar agus shuíodh sé ar an gcloch seo chun scríbhneoireacht a dhéanamh. Áit álainn suaimhneach le suí ar lá breá, agus a aghaidh aige ar an abhainn, an loch agus Cnoc Mordáin, agus thabharfadh sé sin inspioráid do scríbhneoir ar bith.

Chuala Eddie Bheartla Ó Conghaile óna mháthair, Annaí go stopadh an Piarsach, ag teach a hathar, tigh Eamoinn Tom Ó Máille i nDoire Iorrais ar an mbealach dó, agus go minic chastaí Pádraic Ó Conaire dhó ann. Bhíodh píosaí breá cainte agus sáraíocht eatarthú, agus iad ag plé cúrsaí an t-saoil agus na tíre.

“Suíochán an Phiarsaigh”
GPS: 53.369591,-9.684866
“Suíochán an Phiarsaigh” agus Tigh Phaitseach ar a chúl

Liathróidí fionnaidh bó

Is ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, Páirc Thurlaigh, Co. Mhaigh Eo, a fuair muid an pictiúr thíos de na liathróidí fionnaidh bó. Ba é Séamus Ó Duilearga, agus é ag bailiú scéalta agus béaloideas sa mbaile sna 1930idí, a fuair iad. Ba í Miss Keyes, an múinteoir scoile ag an am i scoil Loch Con Aortha, a bhronn na liathróidí air. Tá muid an-bhuíoch d’Ard-Mhúsaem na hÉireann as cead a thabhairt dúinn an pictiúr a úsáid.

Le caoinchead Ard-Mhúsaem na hÉireann Caiseleán an Bharraigh, Co Maigh Eo

Bhíodh gasúir an bhaile ag déanamh na liathróidí seo suas go dtí na 1960idí. Bhí dhá chineál liathróidí á ndéanamh acu, crua agus bog. Dhéanaidís iad sa Samhradh nuair a bhíodh a dtuismitheoirí ag bleán na mbó.

Chun an ceann crua a dhéanamh, tharraingídís barr a gcuid méaracha anuas ar thaobh na mbó, agus thiocfadh roinnt beag fionnaidh leis na méaracha, agus chuiridís an fionnadh ar chloch bheag ar bhoise a láimhe, agus chaithidís smugairle air. Chuiridís timpeall an chloch bheag agus an fionnadh idir dhá bhoise na láimhe, agus ghreamódh an fionnadh dá chéile agus don chloch. Leanaidís ar aghaidh ag cur fionnadh leis an mbealach céanna, agus de réir a chéile bhíodh an liathróid ag méadú.

Chun an ceann bog a dhéanamh, tharraingídís roinnt fionnaidh den bhó, agus dhéanaidís liathróid bheag de, gan aon chloch, le bois a láimhe, agus ansin chuiridís timpeall é ar thaobh na bó le bois a láimhe. Bhíodh an liathróid ag méadú de réir mar a bhíodh fionnadh na bó ag greamú air.

Bhíodh a gcluichí féin dá imirt ag na gasúir leis an liathróid crua agus bog.

Get in touch
history of area
view map
Top